Tír Gan Teanga Tír Gan Anam

An Ghaeilge

“Mar sin, deirim lenár gcairde i ngluaiseacht na Gaeilge – tá d’áit cheart i ranganna an Pháirtí Phoblachtaigh Shóisialaigh, ag troid ar son chealú an chórais shóisialta seo a dhéanann leatrom orainn sa bhealach úd; a íslíonn an meon agus a laghdaíonn idéil ár muintire chuig a leithéid de chéim scanrúil, go mbeadh áit na leathphingne ag an lámhscríbhinn seanchais Cheiltigh is ríluachmhaire do thromlach ár n-oibrithe in aice le slisín bagúin.”
~ James Connolly

Padraig_pearse_eirigi_posterTá an Ghaeilge á labhairt in Éirinn le timpeall 3000 bliain. Le tromlach an ama sin ba í teanga cheannasach na tíre í. D’athraigh sin 200 bliain ó shin, mar chuid de phróiseas beartaithe an choncais chultúrtha a chuir rialtais na Breataine i bhfeidhm thar na céadta blianta.

Bhí an concas cultúrtha mar chuid lárnach de rún impiriúil na Breataine ar Éirinn, agus d’fhás sé ina uirlis thábhachtach do chumhachtaí impiriúlacha ina n-iarrachtaí chun pobail dhúchasacha a smachtú ar fud na cruinne.

Chuir an gníomhaí frith-choilíneach Ngugi wa Thiong’o ón Chéinia síos air sa bhealach seo:
“D’fhorchuir an coilíneachas a smacht ar tháirgeadh sóisialta an tsaibhris trí choncas míleata agus deachtóireacht pholaitiúil ina dhiaidh. Ach ba é a limistéar smachtaithe ba thábhachtaí ná domhan intinneach an duine choilínithe, an smacht, trí chultúr, ar an dóigh ar bhraith daoine orthu féin agus ar a gcaidrimh leis an domhan. Ní féidir smacht polaitiúil ná eacnamúil a chur i gcrích gan smacht intinne.”

Cuireadh dlús leis an phróiseas seo le teacht an chaipitleachais in Éirinn, le cuidiú ó choncas Chromaill agus na Péindlithe a ghoid formhór mór den talamh a bhí acu ó chainteoirí dúchais na Gaeilge. Chinntigh forbairt chaipitleach faoi choinníollacha coilíneacha in Éirinn nach mbeadh deiseanna ar fáil ach dóibh siúd a labhair teanga na gcoilínithe.

Bhí frithbheartaíocht ann riamh do phróiseas chomhshamhlaithe cultúrtha seo, in Éirinn agus ar fud an domhain. Dúirt Franz Fanon, “Is ionann troid ar son cultúir náisiúnta sa chéad dul síos agus troid ar son fhuascailt an náisiúin, an eochair mhór a dhéanann tógáil cultúir indéanta. Ní féidir le troid ar bith ar son cultúir forbairt seachas streachailt an phobail.”

In Éirinn 100 bliain ó shin, thug bunú eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge agus Chumann Lúthchleas Gael cruth do na smaointí a dhéanfadh Fanon cur síos orthu ní ba mhoille. Mhaígh Pádraig Mac Piarais: “Má tá rud amháin níos soiléire ná aon rud eile, nuair a bhuail an seachtar fear le chéile i Sráid Uí Chonaill le Conradh na Gaeilge a bhunú, bhí siad ag cur tús le… ní ceannairc, ach réabhlóid.”

Bhí gluaiseachtaí teanga agus cultúir i gcoiteann lárnach i Réabhlóid na hÉireann sa luath 20ú céad. Thug teip deiridh agus aisthiontú na réabhlóide sin, chomh maith le críochdheighilt na tíre ina ndiaidh, thug siad buille thubaisteach d’athbheochan na Gaeilge.

Sa Saorstát a bhí in ainm bheith neamhspleách, tugadh stádas siombalach don teanga cé gur chinntigh nádúr nua-choilíneach an stáit gur bheag athrú a bhí ann ó sheanriarachán na Breataine. Sna Sé Chondae, chinntigh an réimeas Aontachtach aonpháirtí gur coinníodh gach rud Éireannach as radharc na súl.

D’fhág nádúr neamhchríochnaithe an togra fhrith-choilínigh in Éirinn mórán daoine le cineál scitsifréine cultúrtha, mar a scríobh Dubhghlas de hÍde faoi mheon na nÉireannach, “go ndéanann sé chun aitheantas mar náisiúntacht éagsúil a éileamh ach ag an am chéanna a chaitheann ar shiúl leis an dá láimh ‘an rud a dhéanfadh amhlaidh é’.”

Ní mór mórcheannas cultúrtha an impiriúlachais in Éirinn a shárú. Ní mór impiriúlachas teangeolaíoch agus cultúrtha Angla-Mheiriceánach, agus an córas caipitleach dá fhónann siad, ní mór iad a threascairt má tá neamhspleáchas dáiríre le baint amach.

Thacaigh éirígí agus leanfaidh ag tacú le hiarrachtaí pobail agus gníomnhaígh na Gaeilge chun meath na Gaeltachta a aisiompú, chun Gaelscoileanna a bhunú agus aitheantas a bhaint amach dóibh, agus go n-aithneofar a gcearta mar Ghaeilgeoirí.

“[Caithfidh] an Ghaeilge a bheith páirteach go feidhmiúil feasta i gcoimhlint mhuintir na hÉireann le cuspóirí Fhoruagra na Cásca a thabhairt i gcrích. Seo í Athghabháil na hÉireann, an Réabhlóid, réabhlóid intinne agus réabhlóid anama, réabhlóid i gcúrsaí maoine, seilbhe agus maireachtála, maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil.” – Máirtín Ó Cadhain