Cearta Teanga – Cearta Daonna

Cearta Teanga – Cearta Daonna

Mháirseáil slua mór ar lár cathrach Bhéal Feirste tráthnóna inniu (Dé Sathairn) chun comhionannas do Ghaeilgeoirí sna Sé Chondae forghafa a éileamh.

march5.jpeg

Ta gníomhaithe ag dul i mbun feachtasaíochta leis na míonna anuas le haghaidh chur i bhfeidhm Acht Gaeilge chun cearta lucht labhartha na teanga náisiúnta sa limistéar forghafa a chosaint.

Sheol Rialtas na Breataine dara tréimhse chomhairliúcháin ar cheist an Achta, d’ainneoin go raibh an chéad cheann beagnach d’aonghuth ina thacaíocht dá fheidhmniú a mhaíomh.

march6.jpeg

Fuair an dara próiseas comhairliúcháin breis agus 4,000 aighneacht, agus creidtear go bhfuil an formhór arís ar son comhionannais do Ghaeilgeoirí.

Bhí grúpa mór le feiceáil ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó ghaelscoileanna áitiúla, a léirigh go cruinn an óigeantacht agus fuinneamh atá ag gluaiseacht na teanga faoi láthair.

march4.jpeg

Dúirt urlabhraí Éirígí Daithí Mac An Mháistir,

“Is cuid lárnach d’athghábhail na hÉireann í go mbeidh an Ghaeilge arís mar ghnáththeanga thromlach na ndaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Is féidir le gníomhnaíochtaí cosúil leis an lá inniu agus iarrachtaí na
bpobal an teanga dhúchais a athaimsiú cuidiú le cur i ngníomh an phróisis sin.”

march3.jpeg
march2.jpeg
march1.jpeg
march8.jpeg