Aontas na Sceimhlitheoirí

Aontas na Sceimhlitheoirí

Nochtadh dealbh i Washington na Stát Aontaithe le déanaí ag comóradh ról an FBI i dtraenáil “frith-sceimhlitheoireachta” an RUC.

Iar-cheannfort an RUC Ronnie Flanagan a nocht an dealbh seo i Quantico, ceannáras náisiúnta an FBI.

Tharla an imeacht seo i rith Sheachtain Náisiúnta Cuimhneacháin Oifigigh Feidmithe Dlí Mheiriceá. Bhí grúpa thar ceann an RUC/PSNI i láthair ag an nochtadh.

Arsa Dáith Mac an Mháistir, urlabhraí Éirígí, “Is léir gur féidir leis an dá eagras seo ithe as béal a chéile.

“Tá siad araon i mbun oibre ag cosaint rialtais éagóracha agus lofa, trí phróiseas eagraithe leatrom ar chearta daonna. Ar ndóigh tá drochchlú ar Mheiriceá as an chineál traenála a thugann an stát sin do fhórsaí éagsúla na cruinne, fórsaí na ndeachtóireachtaí i Meiriceá Laidineach ach go háirithe.

“Má dhéanaimid machnamh ar an dóigh ina raibh stát na Breataine taobh thiar de scuaid aontactacha an mharaithe, agus an dóigh ina raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá taobh i mbun na gContra i Nicearagua ina seachchogadh féin, caithfidh muid ceisteanna a chur faoi nadúr na traenála a bhí ag dul ar aghaidh i Quantico. Ar ndóigh tugann siad ‘firth-sceimhitheoireacht’ air ach tá a fhios againn go maith cé hiad na fíor-sceimhlitheoirí.”