Ráiteas Athbhliana Éirígí 2013

Ráiteas Athbhliana Éirígí 2013

Agus an céad bliain ó cheann Fhrithdhúnadh 1913 ag tosnú cuireann Éirígí beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig ár mbaill, lucht tacaíochta agus chucusan ar fad a d’oibrigh ar son na streachailte in aghaidh impiriúlachais agus caipitleachais in Éirinn le dhá mhí dhéag anuas.

Tá muid ag tnúth le 2013, diongbháilte sa chreideamh gur í an Phoblacht Shóisialach uile-Éireann an t-aon fhreagra ar pholaitíocht theipthe na críochdheighilte, dúshaothraithe, anáis agud déine. Téann muid isteach san Athbhliain le tiomantas athnuaite le comhrac a thabhairt don fhorghabháil Bhriotanach ar ár dtír agus don chóras dúshaothraithe eacnamaíochta atá in Éirinn faoi láthair.

Tháinig borradh mór faoi aistroid an phobail in aghaidh pholasaithe frith-lucht oibre na riarachán i dTeach Laighean agus i Stormont in 2012. Bhí na céadta mílte teaghlach sna Sé Chondae Fichead páirteach sa bhaghcat ar cháin tí rialtas Átha Cliath. Molann Éirígí iad as an ghníomh easumhlaíochta sibhialta stairiúil agus rathúil seo. Feicfidh 2013 iarrachtaí ag rialtas Átha Cliath cáin tí leasaithe a thabhairt isteach, agus cáin uisce teaghlaigh sa tóir air sin in 2014. Ní foláir ollghníomh comhchoiteann a thabhairt mar fhreagra ar na cánacha seo cosúil leis sin a chloígh cáin tí 2012.

Sna Sé Chondae tá níos mó agus níos mó daoine ag féachaint ar Stormont mar an eilifint bhán atá ann. In áit an túis úir a raibh in ainm bheith ann, níor tháinig faic ó Stormont ach an tseanpholaitíocht thraochta theipthe chéanna. D’ainneon a mbriathra folmha gearáin, chuir na páirtithe chomhrialtais i Stormont ciorruithe a máistrí Tóraíocha i bhfeidhm go humhal le bliain anuas; fíric atá tugtha faoi deara ag pobail ar fud Éireann gafa.

Creideann Éirígí gur féidir cláir dhéine an dá stát a threascairt trí fheachtas marthanach d’ollagóidíocht, gníomh stailce, easumhlaíocht shibhialta agus gníomh díreach. Sa bhliain le teacht leanfaidh éirígí ag obair laistigh de phobail lucht oibre lena leithéid de fheachtas frithbheartaíochta a thógáil.

Bhí méadú suntasach ar chiapadh agus ar aithisiú ghníomhaithe poblachtacha agus sóisialacha ar fud na hÉireann le bliain anuas. Arís agus arís eile rinneadh ‘stad is cuardach’ ar bhaill agus ar thacadóirí Éirígí, rinneadh iarrachtaí iad a earcú mar bhrathadóirí, agus d’fhulaing siad ruathair thí, gabháil agus príosúnacht. Ag deireadh mhí na Samhna, d’fhormhéadaigh an feachtas seo de phóilíneacht pholaitiúil le cúisiú an ghníomhaí Éirígí Stephen Murney. Mar thoradh ar na cúiseanna bréige seo tá breis agus mí anois caite ag Stephen i bPríosún Mhaigh gCabraí.

Tá sé rí-shoiléir gur dhírígh an PSNI ar Stephen díreach mar gheall ar a chriticeas glórmhar agus seasmhach ar an PSNI agus ar réimeas Stormont. Glaonn Éirígí ar gach poblachtánach, sóisialaí agus forásaí eile eolas a fháil ar chás Stephen agus dul i mbun feachtais gníomhaigh ar son a scaoilte saor láithreach.

Níl aon iontas san fhormhéadú seo i leatrom agus ciapadh an stáit in aghaidh Éirígí. Freagraíonn gach stát leatromach do fhreasúrthacht éifeachtach ar an bhealach seo. Níl eagla ag lucht ceannais na hÉireann roimh aon rud níos mó ná gluaiseacht phoblachtach réabhlóideach athéiríoch ag spreagadh an lucht oibre i gcoiteann. Tá rún ag ár ngíomhaithe an dá mhí dhéag amach romhainn a chaitheamh ag obair chun eagala anama an lucht cheannais a réadú. Beidh iarrachtaí a bhfórsaí na gníomhaithe agus tacadóirí s’againn a imeaglú chomh mírathúil in 2013 agus a bhí siad in 2012.

I dtreo dheireadh 2012 d’fháiltigh Éirígí roimh chinneadh na gcimí polaitiúla i Maigh gCabraí deireadh a chur lena n-agóid fhadtréimhseach ar son stádais pholaitiúil. Glaonn muid arís ar rialtas na Breataine agus ar údaráis an phríosúin gan an deis a thug a cinneadh cróga seo dóibh a chur amú. Ní ghlacfaidh poblachtánaigh na hÉireann go deo le coiriúlú na streachailte ar son saoirse na hÉireann, laistigh de na príosúin nó lasmuigh.

Tchífidh 2013 céad bliain ó cheann roinnt imeachtaí ríthábhachtacha, an Frithdhúnadh Mór, bunú Óglaigh na hÉireann agus bunú Arm Cathartha na hÉireann ina measc. Is iomaí cosúlacht idir Éire 1913 agus Éire 2013. Ansin, mar anois, bhí forghabháil mhídhleathach ag an Bhreatain ar Éirinn. Ansin, mar anois, brúdh oibrithe agus a dteaghlaigh i mbochtanas géar chun saint scothaicme ríshaibhair a shású. Agus ansin, mar anois, slógadh na meáin phríobháideacha agus fórsaí an stáit chun aithisiú agus ionsaí a dhéanamh orthu siúd a raibh de mhisneach acu dúshlán a thabhairt.

Céad bliain ó shin tháinig na mílte Éireannach, idir mhná agus fhir, ar an tuairim go raibh goile an lucht airgid agus cumhachta dóshásaithe; gur ghá troid ar son chearta náisiúnta, eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha agus iad a chosaint; go luíonn eochair an bhua le bunú agus forbairt eagraíochtaí réabhlóideacha atá tiomanta do threascairt an tseanchórais.

Agus muid ag tabhairt faoi 2013 b’fhearr do mhuintir na hÉireann ceacht a seantuismitheoirí agus a sin-seantuismitheoirí a leanúint trí sheasamh a ghlacadh in aghaidh na ndaoine a bhrúfadh iad i mbochtanas agus éadóchas. Dóibh siúd atá réidh leis an tseasamh sin a ghlacadh, síneann Éirígí cuireadh le bheith linn. Le chéile is féidir linn gníomhú i spiorad 1913 chun fís 1916 a bhaint amach.