Comhlíonadh Chairt na Saoirse á Éileamh

Comhlíonadh Chairt na Saoirse á Éileamh

Maraíodh fear i Soweto na hAfraice Theas Dé Luain le linn círéibe idir poilíní agus muintir an bhailecheantair, inar scaoil na péas piléir rubair agus canóin uisce. Rinne na léirsitheoirí imshuí ar an mhórbhealach N12 le carraigeacha agus baracáidí nuair a dhiúltaigh oifigigh áitiúla rialtas buaileadh leo.

Tá fearg ar an lucht agóide faoi fhaillí an rialtais a gcoinníollacha beatha a fheabhsú. I gceantracha éagsúla, go háirithe ar imeall na príomhchathrach Johannesburg, níl aon soláthar camrais, uisce ná leictreachas ag an phobal.

Rinne siad gearán go bhfuil siad, beagnach cúig bliana déag i ndiaidh thitim na cinedheighilte, go bhfuil siad fós beo bocht d’ainneoin gealltanas an rathúnais.

Níl anseo ach léiriú amháin ar mhothúcháin atá i bhfad níos fairsinge i measc chosmhuintir ghorm na tíre, an pobal a throid an cath in éadan na cinedheighilte agus a chuir an ANC in oifig mar pháirtí an rialtais.

Gealltar i gCairt Saoirse an ANC go mbeidh ceart ag daoine cónaí pé áit ar mian leo i dtithíocht chuibhiúil, go soláthrófar spás tithíochta neamhúsáidte don phobal, agus go dtreascófar na slumaí agus go dtógfar bruachbhailte nua ina mbeidh córas iompair, bóithre, páirceanna imeartha, naíolanna agus ionaid shóisialta.

Ach is fada go bhfuil an pobal ag fanacht ar na leasuithe seo agus tá achrann ag teacht chun cinn. Le míonna beaga anuas bhí múinteoirí, banaltraí agus mianadóirí uilig ar stailc in éadan drochchoinníollacha oibre agus pá íseal doghlactha.

Tá brú ag teacht ar Chomhdháil Cheardchumainn na hAfraice Theas (COSATU) agus ar Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas (SACP) lá i ndiaidh lae deireadh a chur lena gcomhghuaillíocht leis an ANC, agus tá an cuma ar an scéal go bhfuil gníomh mar seo de dhíth má tá siad chun dúshlán a thabhairt do smacht an nualiobrálachais.