Éilíonn Éirígí Gaeloideachas Tuata do Chách

Léiríonn an taighde is déanaí a rinne an ERSI ar fheidhmíocht na ndaltaí a théann i mbun ábhar an Bhéarla don Ardteistiméireacht go bhfuil daltaí Gaelscoile chun tosaigh ó thaobh gráid níos fearr a bhaint amach san ábhar seo sna scrúdaithe stáit. Ní cúis iontais é seo do mhúinteoirí agus do shaineolaithe oideachais a d’airigh le tamall fada anuas go bhfuil buntáistí ar leith ag baint leis an dátheangachas don pháiste, dá fhorbairt chognaíoch agus dá chumas acadúil. I measc na mbuntáistí don pháiste atá dátheangach, airítear smaointeoireacht níos solúbtha, smaointeoireacht chruthaitheach agus cumas níos fearr a bheith acu tuiscint orthu féin a chur in iúl do dhaoine eile.

Aithnítear go forleathan gurb é an bealach is éifeachtaí chun an dara teanga a fhoghlaim ná tríd an tumoideachas agus cuireann Gaelscoileanna an deis seo ar fáil do pháistí óga ag tosú sa chóras oideachais. Le linn luathbhlianta an pháiste, sealbhaítear an dara teanga ar bhealach atá níos nádúrtha agus níos éifeachtaí agus téann cumas an pháiste chun an teanga a shealbhú ar an mbealach céanna in éag agus iad ag dul in aois. Nuair a shroicheann an duine na déaga, éiríonn an dúshlán a bhaineann le teanga nua a fhoghlaim níos deacra mar gheall ar athruithe a bhaineann le forbairt intinne an duine. Léirítear sa chás seo go bhfuil deis i bhfad níos fearr ag an bpáiste an Ghaeilge a shealbhú ar bhealach níos éifeachtaí má bhaintear leas as an tumoideachas ó aois óg.

Cé go bhfuil éileamh mór ann do spásanna i nGaelscoileanna, léiríonn na figiúirí a chur an Roinn Oideachais sna 26 Contae ar fáil do Tuairisc.ie go bhfuil dul chun cinn fíorbheag déanta le dhá bhliain anuas maidir le Gaelscoileanna nua a thógáil. Luaitear in alt leo le déanaí go raibh 56,583 dalta sna 26 Contae ag freastal ar Ghaelscoileanna in 2016 agus gur mhéadaigh an figiúr sin go 58,333 dalta in 2018. In 2016 bhí 296 Gaelscoil sa stát agus níor tháinig aon athrú ar an líon seo in 2018. Léiríonn an cás seo go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ach nach bhfuil scoileanna breise á dtógáil chun freastal ar an éileamh agus go bhfuil na scoileanna céanna ag cur spásanna breise ar fáil do dhaltaí nua. Tá sé maíte ag leor Gaelscoileanna le blianta fada anuas go mbíonn orthu líon ard daltaí nua a dhiúltú gach bliain mar gheall ar easpa spásanna a bheith ann dóibh.

In ainneoin gealltanais ó rialtas Bhaile Átha Cliath chun borradh a chur faoin tumoideachas agus faoin bpáirt-tumoideachas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an t-éileamh atá ann ó thuismitheoirí chun a bpáistí féin a chur tríd an nGaelscolaíocht, taispeánann an easpa ghnímh maidir le Gaelscoileanna nua a thógáil an béalghrá atá á léiriú don Ghaeilge. Leis an tuiscint fhorleathan atá ann maidir le buntáistí an tumoideachais agus an dátheangachais, is léir go bhfuil meon an rialtais 26 Contae maidir le tábhacht na Gaeilge agus an luach a bhaineann léi inár sochaí neamhéifeachtach agus diúltach. Chun díchoiliú a bhaint amach go héifeachtach, tá an díchoilíniú intinne i gcroílár an tionscnaimh sin agus is é athshealbhú ár dteanga an gníomh atá ag teastáil.

Ó bunaíodh Éirígí in 2006, d’aithin muid an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an nGaeilge mar chuid de thogra an díchoilínithe agus an ról atá ag an gcóras oideachais i mbaint amach na sprice sin. Creideann ár bpáirtí go bhfuil athrú meoin i leith na Gaeilge ríthábhachtach agus nach mór tús áite a thabhairt don Ghaelscolaíocht amach anseo sa chóras oideachais. Glaonn éirígí ar rialtas Bhaile Átha Cliath aitheantas a thabhairt don éileamh atá ann ón bpobal chun tuilleadh Gaelscoileanna a thógáil agus sealbhú na Gaeilge a chur ar fáil do gach páiste tríd an modh is éifeachtaí atá ann, is é sin an tumoideachas. Chomh maith leis sin, ní mór tús a chur leis an bpáirt-tumoideachas a gealladh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i ngach scoil sa stát 26 Contae agus é a bheith ina choiscéim i dtreo Gaeloideachais iomlán mar chóras atá tuata do gach páiste. Creideann éirígí go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach an Ghaeilge a fhoghlaim go héifeachtach agus an teanga a bheith ar a dtoil acu ach go bhfuil na hacmhainní cuí agus an t-oideachas cuí ag teastáil go géar chun é sin a dhéanamh.