Ráiteas Athbhliana Éirígí
Cuireann Éirígí beannacht chun a mball agus a dteanntaí ar fud na hÉireann agus thar lear agus gabhann buíochas leo as a n-iarrachtaí dothuirsithe ar son streachailt na poblachta sóisialaí in 2010.
Agus 2011 ag tosú, tá Éirígí fós tiomnaithe don streachailt ar son chúlú na Breataine ó na Sé Chondae forghafa agus ar son bhunú poblachta sóisialaí 32-condae.
Ba bhliain mhillteach í an bhliain seo caite do phobail lucht oibre trasna na hÉireann. Thosaigh rialtais Átha Cliath agus Londain, le cabhraú agus neartú ó pharlaimint puipéid na Breataine ag Stormont, thosaigh siad ionsaithe nua ar sheirbhísí poiblí, phoist agus shochair a dhamnóidh glúine le teacht do shaol dúshaothraithe agus bochtanais.
D’imfhálaigh na cáinaisnéisí a nochtadh ag Teach Laighean, Westminster agus Stormont le seachtainí beaga anuas brabús lucht an airgid d’aonturas agus chuir siad an chuid eile den daonra in éadóchas agus ainnise. Maidir leis seo, tá an lucht ceannais díreach ag cur dlús le ráta chur i bhfeidhm na bpolasaithe nualiobrálacha céanna a chruthaigh a ghéarchéim eacnamaíochta reatha sa chéad dul síos.
Le 12 mí anuas bhí na céad chomharthaí den oll-fhrithbheartaíocht, agus fáilte roimpi, do pholasaithe chomhrialtais na heite deise i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Londain. Bhí na céadta míle daoine ar na sráideanna ag éileamh nach ndéanfaí íobartaigh den lucht oibre mar gheall ar theip an chaipitleachais.
In 2011, ní mór do phobail agus oibrithe ar fud na hÉireann teacht le chéile ag tógáil feachtas comhordaithe frithbhearta neamhghéilliúil don chlár oibre teasc is dó atá acu siúd i gcumhacht. Má tá an aistroid seo le bheith rathúil beidh uirthi bogadh thar an chorr-agóid sráide agus reitric fheargach.
Creideann Éirígí go diongbháilte go bhfuil an cumas ag tréimhse de fhrithbheartaíocht ghéar an phobail i bhfoirm ollagóidí sráide, stailceanna ginearálta agus gnímh easumhlaíochta sibhialta chun stop a chur le clár oibre na gciorruithe atá ag na páirithe polaitíochta i gceannas.
Is í gluaiseacht eagraithe na n-oibrithe, le hacmhainní orgánacha agus airgeadúla gan sárú, is í an gléas is soiléire chun a leithéid de fheachtas frithbheartaíochta a eagrú. Mura bhfuil ceannasaíocht reatha na gceardchumann ábalta nó toilteanach an beart riachtanach a dhéanamh, ní mór í a athrú le ceann a bhfuil.
Seo an uair do ghnímh a bhrúfaidh na daoine ag riaradh na ngiorruithe chun machnaimh ar a ngímh fhrith-shóisialta féin. Ní bhfaighfear Éirígí folamh sa mhéid seo. Sa bhliain amach romhainn, beidh Éirígí ag cur dlús lena bhfeachtais shocheacnamaíochta ar fud na tíre, go neamhspleách agus i gcomhar le daoine agus eagraíochaí forchéimnitheacha eile.
Cé go n-aithníonn Éirígí tábhacht pholaitíoch na hagóide san am seo, aithníonn freisin nach seachadfaidh agóid inti féin an cineál sochaí atá tuilte ag muintir na hÉireann. Ní thabharfaidh frithbheart gan rogha inmharthana aghaidh ar bhunchúiseanna na héathroime agus na héagóra inár sochaí. Tá dualgas ar na heagraíochtaí sin a chuireann in éadan clár oibre na eite deise míniú cad é a dheánfadh siad go difriúl dá mbeadh siad i gcumhacht.
Maidir le Éirígí, d’fhoilsigh an páirtí a bpáipéar polasaí Ón Sóisialachas Amháin a Thiocfas Slánú na hÉireann le déanaí. Leagann an páipeár seo amach go gonta ról dochrach an chaipitleachais agus an gá le córas sóisialach, daonna a chur ina áit. Beidh Éirígí ag cur na polaitíochta atá in Ón Sóisialachas Amháin a Thiocfas Slánú na hÉireann chun cinn ar fud 2011.
Mar a rinne óna mbunú, leanfaidh Éirígí in 2011 ag cur chun suntais nádúr comhghaolmhar na streachailte socheacnamaíochta agus na streachailte ar son neamhspleáchais náisiúnta.
Chuir éirigí an t-éileamh do chúlú na Breataine go seasta ar na sráideanna agus i láthair na ngabhálaithe, ní bheidh aon difear sa bhliain amach romhainn. Is iad láithreacht agus gníomhaíochtaí arm na Breataine, an PSNI agus MI5 in Éirinn, drochíde ar chimí poblachtacha agus cuairteanna ríochas na Breataine ar Éirinn cuid de na ceisteanna ar a mbeidh Éirígí i mbun feachtasaíochta in 2011.
Leis sin, beidh Éirígí ag obair laistigh de phobail lucht oibre sna Sé Chondae forghafa le mórchumas chumhacht daoine le dúshlán a thabhairt don fhorghabháil a oscailt.
Is féidir le tógáil na hathbheochana cultúrtha, gnaoi daoine a tharraingt ar an Ghaeilge, cur chun cinn na gcluichí Gaelacha, chomh maith le nochtadh struchtúir shóisialta agus eacnamaíochta mhalartacha i bpobail lucht oibre, is féidr leo nádúr an chaidrimh idir saoránaigh na hÉireann agus stát na Breataine a athrú ó bhun go barr.
Is féidir le lucht oibre iad féin coilíneacht Éireannach na Breataine a dhíchobhsú agus an forghabháil a chrith trína saol a bhogadh lasmuigh de chúram an stáit. Trí dhiúltú a teanga a labhairt, idirghníomú lena fórsa póilíneachta, ná dlisteanacht an stáit a aithint, is féidir le daoine athghabháil na hÉireann ag lucht oibre na hÉireann a chur chun cinn.
Shuncáil rialtas na Breataine ollmhéid airgid agus fuinnimh i gclár oibre an normálaithe le giche bliain anuas. Tá an uasphointe bainte amach ag an normálú anois áfach. Is mithid anois an clár oibre sin a chasadh siar.
Trí úsáid chomhordaithe streachailt náisiúnta, shóisialta, eacnamaíochta agus chultúrtha ar fud 2011, is féidir dul chun cinn dáiríre a dhéanamh i dtreo bhaint amach na poblachta sóisialaí.
Ní mór dúinn seo a dhéanamh le chéile mar aicme amháin agus mar phobal amháin. Ar aghaidh linn le chéile.