Ráiteas Athbhliana Éirígí 2012

Ráiteas Athbhliana Éirígí 2012

Tapaíonn Éirígí deis na hAthbhliana chun aitheantas agus ómós a thabhairt dóibh siúd go léir a thacaaigh leis an streachailt ar son Éire shaor in 2011. Agus an Bhliain Úr linn, ba mhian le éirígí a dtiomantas a athmhaíomh do shárú fhorghabháil na Breataine ar na Sé Chondae agus an chórais shoch-eacnamaíochta chaipitligh atá ar dhá thaobh na teorann.

Do na milliúin daoine ar fud na hÉireann, cuimhneofar ar Éirinn 2011 mar bhliain de chiorruithe, déine, dífhostaíocht, eisimirce, bochtanas agus éadóchas. Agus an ghéarchéim chaipitleach dhomhanda ag dul in olcas, thromaigh an lucht ceannais sa dá stát a n-ionsaí ar na daoine is laige sa tsochaí, ag cinneadh go n-íocfadh an mórán as saint an bheagáin.

Chuir pleidhcí fonnmhara i dTeach Laighean agus Stormont orduithe frith-shóisialta de chuid a máistrí i mBeirlín, Washington agus Londain i bhfeidhm go sona. Lena mbeart tá éagóir déanta ag na riaracháin sa dá stáitín teipthe ar mhuintir na hÉireann; ag ualú na glúine seo agus glún le teacht le díobháil agus fiacha gan áireamh. Ar mhaithe le scothaicme ceannais na n-airgeadaithe, forbróirí réadmhaoine, baincéirí agus polaiteoirí.

Rinne stát na Breataine iarracht a chumhacht mhailíseach a mhéadaú in Éirinn in 2011. Sna Sé Chondae lean póilíneacht pharaimíleata na Breataine lena feachtas ciaptha agus imeaglaithe ar an phobal náisiúnach go ginearálta agus ar ghníomhaithe poblachtacha go háirithe. Baineadh úsáid as sciuirdeanna tí, stad agus cuardach, baitíní agus piléir phlaisteacha chun imeaglú agus ionsaí a dheánamh ar dhaoine atá go fóill ag cur i gcoinne na forghabhála. Thug na gníomhaíochtaí seo de chuid an PSNI tuilleadh fianaise ar nádúr doleasaithe phóilíniú na Breataine in Éirinn. Glaonn Éirígí orthu siúd a dúirt go raibh a leithéid de leasú indéanta glacadh le réaltacht an scéil agus a dtacaíocht a aistharraingt ó phóilíneacht pharailmíleata na Breataine agus córas dlí na Breataine.

Sa bhliain ina dearnadh cuimhne ar an tríochadú bliain ó chinn Stailc Ocrais 1981 ar fud na cruinne, lean rialtas na Breataine ag iarraidh caitheamh le cimí polaitiúla poblachtacha mar choirpigh, a raibh an agóid intuartha agus inchosanta ag na cimí céanna mar thoradh air. Athdhearbhaíonn Éirígí a dtacaíocht leis na cimí ar agóid i bPríosún Mhaigh gCabraí in 2012 agus éilíonn ar na riaracháin i Stormont agus Westminster stádas polaitiúil iomlán a thabhairt dóibh gan mhoill.

Sna Sé Chondae Fichead bhí Éirígí ar thús cadhnaíochta ag eagrú chur i gcoinne do chuairt stáit Elizabeth Windsor. Bhrúigh an cur i gcoinne sin rialtas Átha Cliath chun an obráid shlándála is mó le linn cuimhne a chur i bhfeidhm, ina measc bhí cur faoi ghlas chuid mhaith de Bhaile Átha Cliath ar feadh seachtaine. D’ainneoin áibhéil na meán chorparáideach agus an stáit, dhaingnigh máirseáil Windsor trí chathair bhán nádúr mínormálta an chaidrimh idir an Bhreatain agus Éire. Lean na daoine bhí páirteach sna hagóidí sráide agus i bhfeachtas leathan an chur i gcoinne do chuairt Windsor coiscéim Connolly agus Markievicz, a bhí i mbun cur i gcoinne don chuairt dheireanach chuig Baile Átha Cliath ag monarc Briotanach. Moltar iad as a gcalmacht agus a smacht in aghaidh neart saighdte.

Go hidirnáisúnta thug an streachailt in éadan tíorántacht an impiriúlachais, na margaí agus an nua-liobrálachais talamh leis le bliain anuas. Bhuail na milliúin daoine ar fud na cruinne na sráideanna le dúshlán a thabhairt dá scothaicmí ceannais, ag solathár fíordhóchas do fhéidearthacht na haistroda domhanda. Sna Stáit Aontaithe, san Eoraip, sa MheánOirthear agus eile thug oll-léirsithe agus gníomh stailce spléachadh de na féidearthachtaí ar féidir le hollghluaiseacht dhomhanda ar son ceartais a tháirgeadh. Ag aithint an ghá le freagra sóisialach domhanda ar fhadhb chaipitleach dhomhanda, tapaíonn Éirígí an deis le beannachtaí dlúthpháirtíochta na hAthbhliana a chur chucu siúd go léir atá ag troid in éadan éadulaingthe, leithcheala agus dúshaothraithe.

Leis an Bhreatain i gceannas ar na Sé Chondae agus an IMF/EU/ECB i gceannas ar na Sé Chondae Fichead tá Éire trína chéile anois faoi fhorghabháil eachtrannach den chéad uair le beagnach céad bliain. An rud nár féidir a bhaint amach le tancanna agus gunnaí, tá sé déanta anois le conraí agus tarrthálacha. Ta clár na gcomh-fhorghabhálacha seo soiléir – cruthú ord polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíochta nualiobrálach atá éagórach – ord ina mbeidh líon síorardaithe cumhachta agus maoine cruinnithe i láimhe líon síorlaghdaithe daoine.

Agus 2012 ag tosnú is mó an gá le gluaiseacht phoblachtach réabhlóideach Éireannach athspreagtha. Tá na smaointe ag croí an phoblachtachais Éireannaigh chomh ábhartha inniu agus a bhí siad nuair a tháinig siad chun cinn den chéad uair sna 1790s. Tá codarsnacht shuntasach idir fís Éire shaor rialaithe ag na daoine ar mhaithe leis na daoine agus Éire éagothrom, ghafa agus críochdheighilte an lae inniu. Is í Poblacht Shóisialach Dhaonlathach uile-Éireann nua an t-aon mhalairt inmharthana agus inbhuanaithe ar an deighilt, bhochtanas agus anord atá déanta ag an chóras reatha.

Tá tógáil gluaiseachta coiteanna a chuirfeas a leithéid de phoblacht nua faoi seoil cheana. Sa bhliain le teacht tá sé de rún ag Éirígí an tógáil sin a luasú, trína bhfeachtais chur i gcoinne gníomhach do fhorghabhálacha na Breataine agus an IMF/EU/EBC a threisiú.

Molann Éirígí do na poblachtóirí sin a chúlaigh ó streachailt ghníomhach chun athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh agus bliain úr ag tosnú. Is annamh a raibh dhúshláin ní ba mhó os comhair mhuintir na hÉireann ná na cinn atá ann faoi láthair. Tá géarghá le bhur scileanna, taithí agus croí sa tréimhse seo inár stair. Agus dóibhsean nach raibh riamh gníomhach i streachailt tugann Éirígí cuireadh le bheith linn in seasamh a ghlacadh in éadan fhorghabhála agus éagóra. Le chéile is féidir linn gluaiseacht phoblachtach réabhlóideach a thógáil a bheas ábalta stát uile-Éireann nua a chruthú – ceann a ráthós i ndáiríre cearta polaitíochta, sóisialta agus eacnamaíochta chách, neamhaireach ar a n-inscne, a gcreideamh ná a gcine.