‘Bua’ Imtheorannú 1971
Nocht an grúpa um cearta daonna: Ionad Pat Finucane (PFC) tuairisc rúnda de chuid arm na Breataine seachtain ó shin, tuairisc ag déanamh cur síos ar staid na Sé Chondae mí i ndiaidh tabhairt isteach an imtheorannú gan triail i mí Lúnasa 1971.
Scríobh Ceannasaí Fhórsaí Talún na Breataine an Ginearál Robert Ford an tuairisc chuig Ceannfort na Ceannfhoirne an Ginearál Michael Carver, rud a léiríonn go raibh an tuairisc seo ag dul timpeall na n-éisliún ab airde d’arm na Breataine.
I measc na rudaí atá scríofa sa tuairisc tá cur síos ar an imtheorannú gan triail mar “rathúil”, an tábhacht le brathadóirí a fháil i gceantracha ina raibh Óglaigh Na hÉireann láidir, agus an gá le “ceastóireacht dhomhain” ar “chimí atá roghnaithe go cúramach” – tagairt do na fir faoi chochall a d’fhulaing céasadh faoi lámha arm na Breataine. Chomh maith leis seo tá sé soiléir sa tuairisc go raibh arm na Breataine ag ullmhú do thitim rialtas Stormont agus tús na Riaile Dírí naoi mí sular tharla sin.
Ar na píosaí is conspóide sa tuairisc tá an dúil a bhí ag arm na Breataine líon na mball sa UDR a leathnú ó 3,700 go 10,000. Cé gur aithin siad “gur dócha go gcríochnódh muid le timpeall 9,500 protastúnach ag 500 caitliceach” shíl siad “go gcoinneodh a leithead de fhórsa a fhéiniúlacht neamhsheicteach”. Ní fios cén méid dúnmharú seicteach a raibh baint ag an UDR leo, agus seans nach mbeidh go deo.
Araon leis seo tá an líomhaint gur fhir ghunna iad na daoine a maraíodh i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste le linn an imtheorannaithe. Mharaigh arm na Breataine deichnear daoine sa cheantar, ina measc bhí an sagart áitiúil an tAthair Hugh Mullan. Bhí an Reisimint chéanna i láthair i nDoire nuair a scaoileadh triúr déag marbh ar Dhomhnach na Fola sé mhí ní ba mhoille.
Arsa Paul O’Connor ó Ionad Pat Finucane:
“Caithfidh gur [an tuairisc] is cúis le frustrachas agus fearg dhomhain do na teaghlaigh i mBéal Feirste a maraíodh a ngaolta sna leathanta i ndiaidh imtheorannaithe.”
“Ba iad na fir ghunna amháin ar dhíonta foirgneamh an tréimhse sin ná Reisimintí na Banríona agus an Pharaisiúit a rinne ár ar shaoránaigh.”
Tá teaghlaigh iad siúd a maraíodh i mBaile Uí Mhurchú fós i mbun feachtais ar son fiosriúcháin phoiblí faoin ár sé bliana is tríocha níos moille.
Is féidir an tuairisc a léamh ach féachaint ar shuíomh an PFC ag http://www.serve.com/pfc/