Éilíonn Gaeilgeoirí Comhionannas
Tá gluaiseacht na Gaeilge sná Sé Chondae ag cur dlúis leis an fheachtas ar son comhionannais le cúpla mí anuas, agus is é an t-éileamh ar son comharthaí bóithre dhátheangacha an ghné is déanaí.
Casann feachtais éagsúla ghluaiseacht na teanga ar naimhdeas seasmhach ó ionadaithe tofa an aontachtachais.
Sa tseachtain dheireanach, chuir Nelson McCausland go hardghlórach in aghaidh plean chun eolas cuairteora a sholáthar i Reilg Chathrach Bhéal Feirste i nGaeilge araon leis an Bhéarla.
Tá Reilg na Cathrach suite ar Bhóthar na bhFál, ina bhfuil na céadta páistí oilte trí mheán na teanga náisiúnta agus tá pleananna chun Ceathrú Ghaeltachta a bhunú ag dul ar aghaidh go maith.
Chuir McCausland síos ar phleananna chun áit dhátheangach a dhéanamh den Reilg mar “uafásach”.
D’éiligh polaiteoirí ón DUP agus UUP araon go gcuirfear an dlí ar ghníomhaígh a chuir greamathóirí ar chomharthaí bóithre ag éileamh a n-áistriú go Gaeilge.
Dúirt urlbhraí Éirígí Dáithí Mac an Mháistir go bhfuil dearcadh an aontachtachais i leith na Gaeilge beagnach ciníoch ó nádúr.
“Níl gníomhaígh na Gaeilge sna Sé Chondae ag éileamh go tabharfar cearta do Ghaeilgeoirí agus iadsan nach labhraíonn ach Béarla a bheith thíos leis. Níl said ach ag éileamh go gcaitear leo le paireacht mheasa.
“Ar an ábhar sin, ní féidir ach féachaint ar fhreagairt na bpolaiteoirí aontachtacha mar leatromach agus bhiogóideach.
Lean Dáithí: “Is maith an airí ar na mílte ógánach a thógtar agus a oiltear trí mheán na Gaeilge maireachtáil i sochaí a bhfuil meas uirthi ar a gceart a dteanga féin a úsáid ina dtír féin.
“Beidh sé spéisiúil le feiceáil an bhfuil tionól agus feidhmeannas na Sé Chondae in ann freastal ar an cheart seo.”