Rugadh an Dochtúir George Habash (nó al-Hakim – ‘an Saoi’ – mar a thugtaí air) in al-Lydd na Palaistíne 2ú Lúnasa 1926. Bhí sé ina mhac léinn le leighis nuair a d’fhorghabh na hIosrealaigh an baile agus dhíbir siad a theaghlach agus 10,000 Palaistíneach eile ón áit.










